Údar mór bróin don Chomhairle Ealaíon agus Aosdána bás an scríbhneora Joe Steve Ó Neachtain, ar Chomhalta de chuid Aosdána ab ea é freisin

Chuir an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar bhás Joe Steve Uí Neachtain, file, aisteoir, údar agus drámadóir.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “B’iomaí tallann a bhí ag Joe Steve Ó Neachtain a chruthaigh saothair a bhí fréamhaithe go domhain i rithim agus i saibhreas a cheantair dúchais, Cois Fharraige. Bhain sé cáil amach leis na leabhair iomadúla a scríobh sé agus bhain sé ballraíocht d’Aosdána dá mbarr freisin. Chuir Joe Steve go mór leis an saibhreas cultúrtha sin agus aireoimid uainn go mór é.”

Bhí Joe Steve Ó Neachtain, file, aisteoir, údar agus drámadóir, a rugadh ar an gCré Dhubh ar an Spidéal sa bhliain 1942, i mbun scríbhneoireacht chruthaitheach ón mbliain 1969 i leith. Bronnadh Dámhachtain Jacobs ar a shraith dhrámaíochta raidió, Baile an Droichid. Bhíodh an dráma sin le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta idir 1986 agus 1996. Ghnóthaigh a chnuasach Cloch Mhóin (1998) dámhachtain liteartha Chló Iar-Chonnacht in 1998 agus ainmníodh é le haghaidh Dhámhachtain Liteartha The Irish Times an bhliain dár gcionn. Bhronn an tOireachtas Aisteoir na Bliana air in 2012 as a ról mar Pheadar Ó Conghaile ar Ros na Rún ar TG4. Ba é Ó Neachtain a léirigh an carachtar Peadar Ó Conghaile, a raibh an-chion air, ón gcéad eipeasóid den léiriúchán Gaeilge a craoladh ar RTÉ sa bhliain 1992, agus d’éirigh sé as an seó sa bhliain 2016. Toghadh le hAosdána é sa bhliain 2014.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag cairde agus comhghleacaithe leis agus iad ag cuimhneamh ar an aisteoir, drámadóir, údar, file agus craoltóir ar bronnadh neart gradam air: ‘Through good luck, or maybe bad luck, I wasn’t swallowed up in the wave of emigration from the area. I’ve spent my life amongst the grassroots. A courageous community, which lived for many years from hand to mouth but carried the rich culture and heritage of Cois Fharraige safely from generation to generation.’