Údar mór bróin don Chomhairle Ealaíon agus Aosdána bás an amharc-ealaíontóra, Veronica Bolay.

Údar mór bróin don Chomhairle Ealaíon bás an amharc-ealaíontóra, Veronica Bolay. Comhalta de chuid Aosdána ba ea í freisin.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “Is ceart go dtugtar aitheantas do Veronica Bolay mar ealaíontóir a chuir go mór leis na hamharc-ealaíona in Éirinn ó tháinig sí anseo go luath sna 1970idí. Ar feadh a gairme, thug an tírdhreach agus an domhan mórthimpeall orainn an-spreagadh di, agus chruthaigh sí saothar allabhrach agus atmaisféarach a raibh tionchar ag baint leis. Aireoimid uainn go mór í.”

Is in Hamburg na Gearmáine, a rugadh Veronica Bolay in 1941 agus rinne sí staidéar ar an bpéintéireacht agus ar dhearadh cultacha sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha in Hamburg agus ar ghrúp-theiripe in Ollscoil Aachen ina dhiaidh sin. Bhog sí go hÉirinn in 1971 agus bhí cónaí uirthi i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath.

Bhí saothar léi le feiceáil i dtaispeántas gradamach de shaothar banealaíontóirí a bhí sa Project (gailearaí) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1978, mar aon le leithéidí Camille Souter agus Mary Farl Powers, nach maireann. Ghlac sí páirt i mórsheónna grúpa in Éirinn, san Iodáil agus sa Fhrainc agus bhí níos mó ná 18 seó aonair aici in Éirinn, lena n-áirítear sa Vanguard Gallery, Corcaigh, sa Mullan Gallery, Béal Feirste, agus sa Rubicon Gallery, Baile Átha Cliath. Déanann an Paul Kane Gallery i mBaile Átha Cliath, ionadaíocht ar a saothar.

Bhronn an tAcadamh Ibeirneach Ríoga Gradam Cuimhneacháin Fergus O’Ryan ar Veronica Bolay in 1999 agus ar na honóracha eile a bronnadh uirthi, tá Bonn Keating McLoughlin agus Duais BSL in 2000, Gradam Seomra Ceantála James Adams in 2002 agus Duais iomráiteach Liam Walsh in 2005 agus in 2006. In 2017, d’óstáil Custom House Studios and Gallery i gCathair na Mart taispeántais aonair dá saothar dar theideal ‘Pausing at a Crossroad’ mar chuid d’Fhéile Ealaíon Chathair na Mart. Cuireadh a saothar ealaíne ar taispeáint mar chuid de Thaispeántas Bliantúil na bliana sin de chuid an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga freisin.

Scríobh an file Paul Durcan dhá dhán faoina pictiúir freisin, ‘The Hay Carrier’ agus ‘Island Musician Going Home’. Tá saothar dá cuid mar chuid de bhailiúcháin AIB; an BSL; Bhanc na hÉireann; AXA; Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; Bailiúchán Náisiúnta Féinphortráidí na hÉireann in Ollscoil Luimnigh; Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad; Bailiúchán Cathartha Mhainistir na Búille; Irish Life; Roinn na Mara; Comhairle Contae Mhaigh Eo; Intel; agus A. Anderson & Co.

Bhí Veronica Bolay ina comhalta den Acadamh Ibeirneach Ríoga agus ina comhalta boird d’Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh i gCaisleán an Bharraigh. Bhí sí pósta le Peter Jankowsky; aisteoir, aistritheoir agus scríbhneoir Sunday Miscellany, nach maireann. Maireann a mac, Aengus.

Veronica Bolay (1941-2020)