Tugann Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, onóir don chumadóir Roger Doyle

Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, páirteach i searmanas sa Chomhairle Ealaíon inniu, Dé hAoine, an 16 Iúil, tráth a ceapadh an cumadóir Roger Doyle ina shaoi de chuid Aosdána.

Bronntar teideal an tSaoi as ucht saothar leanúnach uathúil den scoth a chruthú sna healaíona, agus bhronn an tUachtarán Torc órga, siombail na hoifige, ar Roger.

Agus é ag labhairt ag an ócáid inniu, dúirt Roger Doyle “Is mór an onóir dom vóta muiníne a fháil ó Aosdána agus is cúis áthais agus iontais é dom chomh maith.”

Bunaíodh Aosdána in 1981 chun aitheantas a thabhairt d’ealaíontóirí ar chuir a saothar go suaithinseach leis na healaíona in Éirinn, agus cuidíonn sé le comhaltaí iomlán a ndúthrachta a chaitheamh lena gcleachtas ealaíne. Tá ballraíocht d’Aosdána, a bhaintear amach trí ainmniúchán ó phiaraí agus trí thoghchán, oscailte d’ealaíontóirí atá bainteach le hailtireacht, le cóiréagrafaíocht, le ceol, le litríocht agus leis na hamharc-ealaíona, agus, i láthair na huaire, tá 250 comhalta sa chleamhnacht. Ní mór do na comhaltaí a bheith ina gcónaí in Éirinn ar feadh cúig bliana (nó go raibh cónaí in Éirinn orthu) agus líon substainteach saothar bunaidh ealaíne a bheith cruthaithe acu. Is iad comhaltaí Aosdána a ainmníonn agus a cheapann na Saoithe agus ní féidir an gradam seo a bheith ag níos mó ná seachtar comhaltaí ag aon am amháin.

Is iad seo a leanas na Saoithe reatha: Ceapadh Seoirse Bodley (ceol) agus Camille Souter (na hamharc-ealaíona) ina saoithe in 2008; ceapadh Edna O’Brien (litríocht) agus Imogen Stuart (na hamharc-ealaíona) sa bhliain 2015; agus le déanaí ceapadh George Morrison (na hamharc-ealaíona) ina shaoi in 2016. Tá an seachtú háit mar Shaoi ar oscailt faoi láthair. I measc na n-ealaíontóirí eile a fuair an onóir seo tá Samuel Beckett, Seán Ó Faoláin, Anthony Cronin, Mary Lavin, Francis Stuart, Tony O’Malley, Benedict Kiely, Patrick Scott, Brian Friel, Louis le Brocquy agus Seamus Heaney.

D’fhreastail go leor de chomhghleacaithe an ealaíontóra agus de bhaill Aosdána ar an searmanas, Trevor Knight, Cindy Cummings agus Raymond Deane ina measc. Bhí Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride agus Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter, i láthair freisin.

Beathaisnéis Roger Doyle

Rugadh Roger Doyle i mBaile Átha Cliath agus fuair sé scoláireachtaí le staidéar a dhéanamh ar an gcumadóireacht ag Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann, in Institute of Sonology, Ollscoil Utrecht, agus in Finnish Radio Experimental Music Studio.

Rinne sé an-chuid oibre san amharclannaíocht, sa scannánaíocht agus sa damhsa, agus leis an gcompántas amharclannaíochta ceoil ‘Operating Theatre’ go háirithe. Chomhbhunaigh sé an compántas leis an taibheoir Olwen Fouéré, agus bhí sé mar aidhm aige an ceol a chomhtháthú mar chuid ríthábhachtach sa taithí amharclannaíochta.

Chuir Operating Theatre seónna i láthair in ngnáthionaid tionóil agus in ionaid tionóil suíomh-ordaithe in Éirinn, i Sasana, san Ollainn, sa Fhrainc, i Veiniséala agus sna SAM agus d’eisigh siad neart albam. Chuir sé tús lena magnum opus, Babel, in 1990 agus cuireadh é i láthair den chéad uair i sciathán iomlán d’Áras Nua-Ealaíne na hÉireann mar shaothar damhsa sa bhliain 1992. Cumadh na codanna eile le linn scéimeanna cónaitheachta ag Ollscoil Washington, Seattle, Banff Centre for the Arts i gCeanada, stiúideonna EMS i Stócólm, agus Royal Conservatory of Music, an Háig. Eisíodh boscra ina raibh cúig dhlúthdhiosca ann le tabhairt i gcrích an tsaothair agus 50ú breithlá an chumadóra a cheiliúradh sa bhliain 1999. Léiríonn gach saothar ceoil ann ‘seomra’ nó spás laistigh de Thúr samhlaitheach Bháibil, áit a bhfuil neart teangacha ceoil le haimsiú ann.

Áirítear scór pianó do thaibhiú Amharclann an Gheata Salomé, faoi stiúir Steven Berkoff, a bhí le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in West End Londain, agus ar thrí chamchuairt idirnáisiúnta. Chomhoibrigh an cumadóir le hEnsemble Gaothuirlisí na hIorua chun an ceol ar an dlúthdhiosca a eisíodh in 2000 faoin ainm Under the Green Time a chur i láthair. D’eisigh lipéid cheoil Ollainnise agus Gearmánach saothar mór gluaiseachta leictreonaí mórscála dá chuid ar thrí dhlúthdhiosca idir 2004 agus 2007.

Choimisiúnaigh RTÉ Roger chun saothar a chumadh do cheolfhoireann shiansach agus do radhairc aisteoireachta réamhthaifeadta, fuaimrian do scannán samhlaitheach faoin ainm Adolf Gébler, Clairinéadóir – a raibh a chéad léiriú sa Cheoláras Náisiúnta in 2008, agus é curtha i láthair ag an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta. Thaispeáin Crash Ensemble an dara ‘pictiúrlann don chluas’, The Room in the Tower, sa bhliain 2009.

Tá na teidil seo a leanas i measc na n-albam a d’eisigh sé le déanaí: The Thousand Year Old Boy, iniúchtaí ar dhomhan samhlaíoch na gceol – 2013; Time Machine, ceol a cumadh faoi theachtaireachtaí gutháin ó na 1980idí – 2015; Frail Things In Eternal Places, fuaimeanna leictreonacha le comhoibrithe gutha ó scór agus/nó tobchumtha ó ochtar amhránaithe – 2016; agus an ceoldráma leictreonach Heresy, a taispeánadh den chéad uair ag Ionad Ealaíon Project sa bhliain 2016, agus a eisíodh ar albam dúbailte in 2018. Tá Heresy bunaithe ar shaol agus ar shaothair an fhealsaimh/an mhanaigh Iodálaigh, Giordano Bruno, ar loisceadh ag an stáca é mar eiriceach sa bhliain 1600.

Bhuaigh Roger Doyle Gradam Ceoil an Chláir (1997) agus Gradam Magisterium (2007) ag Comórtas Idirnáisiúnta Ceoil Leictreafhuaimiúil san Fhrainc, agus an Gradam Marten Toonder (2000) mar aitheantas ar an obair nuálach a chur sé i gcrích mar chumadóir. Is Ollamh Cúnta é i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i láthair na huaire. CRÍOCH