Toghann Aosdána 12 chomhalta nua

Thogh Aosdána, an meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, 12 chomhalta nua inniu. Is iad seo a leanas an 12 chomhalta nua: Kevin Barry (Litríocht); Gerard Byrne (Amharc-ealaín); Pat Collins11/30/2020 (Amharc-ealaíon); Jim Doherty (Ceol); Margo Harkin (Amharc-ealaíon); Martin Lynch (Litríocht); Gina Moxley (Litríocht); Valerie Mulvin (Ailtireacht); Mairead O’hEocha (Amharc-ealaíon); Arthur Riordan (Litríocht); Liz Roche (Cóiréagrafaíocht); Jennifer Walshe (Ceol). Fágann sé sin go bhfuil 249 duine san iomlán ina gcomhaltaí den chomhlacht anois. Tá beirt iarrthóirí ar comhscór don áit deiridh, socrófar ballóid poist chomh luath agus is féidir chun an toradh don áit deiridh sin a chinneadh. 

Tapaímid an deis seo chun cuimhneamh ar na trí chomhalta déag a fuair bás le linn na tréimhse idir Tionól Ginearálta Bliantúil anuraidh agus inniu: Micky Donnelly; Ciaran Carson; Ulick O’Connor; Tom MacIntyre; Sonja Landweer; Veronica Bolay; Joe Steve Ó Neachtain; Janet Mullarney; Tim Robinson; Michael Cullen; Eric Sweeney; Eugene McCabe; Derek Mahon.

Bunaíodh Aosdána in 1981 chun ómós a thabhairt d’ealaíontóirí ar chuidigh agus ar chuir a saothar go suaithinseach leis na healaíona cruthaitheacha in Éirinn, agus cuidíonn sí le comhaltaí iomlán a ndúthrachta a chaitheamh lena n-ealaín.  Tar éis suirbhé a rinne an Chomhairle Ealaíon in 1979 maidir le dálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí agus cur is cúiteamh ar scéim chun tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí aonair, bhunaigh an Chomhairle Ealaíon agus Rialtas na linne sin Aosdána i gcomhar lena chéile.   Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir le níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór go mbeadh corpas saothair suaitheanta cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan seánraí sna disciplíní seo a leanas: ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus an amharc-ealaín.

Beathaisnéisí na gcomhaltaí nua:

Kevin Barry (Litríocht)

Scríbhneoir is ea Kevin Barry, atá lonnaithe i gContae Shligigh. Scríobh sé na húrscéalta Night Boat to Tangier, Beatlebone agus City Of Bohane agus na cnuasaigh ghearrscéalta Dark Lies The Island agus There Are Little Kingdoms. Tá na gradaim seo a leanas i measc siúd a bronnadh air go dtí seo: ‘O Henry Prize’’ (2017); ‘Lannan Foundation Literary Award’’ (2016); ‘The IMPAC Dublin International Literary Award’’ (2013); ‘The Rooney Prize’’ (2007); ‘The Sunday Times EFG Short Story Award 2012’’. Cuireadh City of Bohane ar an ngearrliosta don ghradam ‘Costa First Novel Award’’ agus don ‘Irish Book Award’  agus bronnadh ‘Author’s Club Best First Novel Prize’; ‘The European Union Prize for Literature’ agus ‘Dublin Literary Award’ de chuid IMPAC air.

Bhí a chuid gearrscéalta le feiceáil i neart foilseachán iomráiteach agus The New Yorker, Harpers, Tin House, Granta, The Dublin Review, The Stinging Fly, Best European Fiction agus neart eile ina measc. Cuireadh Barry ar an ngearrliosta don ghradam ‘Booker Prize’ in 2019 ar son Night Boat to Tangier. Scríobhann sé scripteanna scannáin, drámaí raidió agus drámaí don amharclann. Tá saothair leis aistrithe go 16 theanga.

Gerard Byrne (Amharc-ealaín)

Is físealaíontóir é Gerard Byrne a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus oibríonn sé sa scannánaíocht agus sa ghrianghrafadóireacht. Is mór agus is fairsing an chatalóg saothar atá aige agus taispeánadh saothair de chuid Byrne ag neart imeachtaí idirnáisiúnta agus in Éirinn le 25 bliain anuas agus na himeachtaí seo ina measc: Skulptur Projekte Muenster (2017); Documenta 13; 54ú Biennale na Veinéise; Biennale in Sydney, Gwangju, Lyon agus Iostanbúl; agus in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath. Áirítear na taispeántais aonair seo a leanas ina measc siúd a bhí le feiceáil le déanaí; Secession, Vín (2019); ACCA, Melbourne (2016); Renaissance Society, Chicago (2011); Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath (2011). Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn ag 52ú Biennale na Veinéise sa bhliain 2007. Bronnadh Gradam Paul Hamlyn air in 2006. Déanann Lisson Gallery ionadaíocht air go hidirnáisiúnta, déanann Kerlin Gallery ionadaíocht air i mBaile Átha Cliath agus déanann Nordenhake Gallery ionadaíocht air i Stócólm. Bhí ollúnachtaí aige in acadaimh ealaíon i gCóbanhávan (2007-16) agus tá ollúnacht aige faoi láthair ag Staedelschule, Frankfurt.

Pat Collins (Amharc-ealaín)

Is scannánóir é Pat Collins, a bhfuil mórbhailiúchán saothair céimiúil aige agus níos mó ná 30 scannán déanta aige ó bhí 1999 ann. Áirítear Songs of Granite (2017), portráid de Joe Heaney, i measc a na bhfadscannán a chruthaigh sé. Maidir leis na portráidí atá déanta aige áirítear; A Private World’ (2004), portráid de John McGahern; Tim Robinson: Connemara, (2011) portráid de Tim Robinson agus Taibhsí i mBéal Na Gaoithe, (2007) ar Nuala Ní Dhomhnaill, leo. Tacaíonn Bord Scannán na hÉireann, RTÉ, BBC Telefilm Canada, PBS agus comhlachtaí eile lena shaothar. Bhí Collins ina chomhstiúrthóir den tsraith 1916, a raibh trí chuid inti. Craoladh an tsraith ar RTÉ, BBC agus ar PBS i Meiriceá.  Léiríodh an fadscannán iomráiteach dá chuid, Silence, 2012, den chéad uair go hidirnáisiúnta ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Londain sa bhliain 2013, agus rinne Element Distribution é a scaipeadh chuig pictiúrlanna in Éirinn, agus rinne New Wave Films amhlaidh sa RA, craoladh é ar RTÉ 1 freisin. Stiúir sé dhá fadscannán bunaithe ar aistí polaitiúla What We Leave in Our Wake (2009) agus Living in a Coded Land’(2014) chomh maith. Rinne Institiúid Scannán na hÉireann iardhearcach lár gairme a choimeád ar a shaothar sa bhliain 2012. Tá sraith saothar gearr scannánaíochta turgnamhaí déanta aige: Pilgrim (2008), What Remains (2013) agus Twilight (2017). Taispeánadh a shaothar scannánaíochta turgnamhaí ag Absolute Gallery le linn Fhéile Ealaíon na Gaillimhe in 2013, ag an ICA, Londain, ag Recontres Internationales London/Beirlín, Ionad Visual, Ceatharlach agus i neart féilte scannán Éireannach agus idirnáisiúnta eile. Taispeánadh an clár faisnéise fada is déanaí uaidh,Henry GlassieFieldwork den chéad uair ag TIFF in 2019 agus táthar ag súil lena eisiúint i bhFómhar 2020.

 

Jim Doherty (Ceol)

Is cumadóir é Jim Doherty agus é ar dhuine de na ceoltóirí snagcheoil is iomráití. Tá sé thar a bheith gníomhach in earnáil an cheoil in Éirinn agus thar lear ó na luath 1960idí ag stiúradh tríréad, ceathairéad agus bannaí ceoil móra. Tá sé chun tosaigh i bpobal an snagcheoil in Éirinn le níos mó ná 50 bliain anuas.  Rugadh Doherty sa bhliain 1939 agus thosaigh sé ag cumadh agus ag taibhiú ceoil go luath sna 60idí in éineacht le Louis Stewart agus Noel Kelehan, nach maireann. Chum sé ceol don stáitse, don raidió, don teilifís, agus do scannáin agus do cheolfhoirne, rinne sé cur i láthair le roinnt de na réaltaí is cáiliúla sa cheol ar fud an domhain, lena n-áirítear Gerry Mulligan agus Ray Charles. I measc na dtionscadal atá idir lámha aige faoi láthair tá sé ag cumadh ceoil le haghaidh cóir agus déanfar é a thaibhiú in Éirinn in 2020; d’iarr Cumann Snagcheoil na hIoruaise air Joycenotes a athchóiriú le haghaidh ceolfhoireann shiansach le haonréadaithe snagcheoil agus reacaire; píosa don ensemble gaothuirlisí in Ollscoil Brown, Rhode Island, SAM, a chuirfidh sé i gcrích níos déanaí i mbliana. Le déanaí, scríobh Doherty ceol nua don dráma Trad, a rachaidh ar camchuairt ar fud na hÉireann in 2020; chum sé trí amhrán úrnua a dhéanfaidh an t-amhránaí snagcheoil, Susannah de Wrixon, a thaifeadadh, scríobh sé ceol don ghuth, do cheathairéad snagcheoil agus do cheathairéad téadach mar chuid den saothar sin, agus tá sé ag cumadh dhá phíosa faoi láthair a dhéanfaidh an trumpadóir snagcheoil, Bobby Shew, a thaifeadadh in LA in 2020.

Margo Harkin (Amharc-ealaín)

Is déantóir scannán í Margo Harkin atá lonnaithe i nDoire. I ndiaidh di céim a bhaint amach sa Mhínealaín, d’oibrigh Harkin mar mhúinteoir agus mar mhúinteoir ealaíne i dtosach sular tháinig athrú ar a slí bheatha in 1980 nuair a bunaíodh Compántas Amharclannaíochta Field Day i nDoire le linn tréimhse thar a bheith tinneallach i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann. Ba iad Brian Friel, Stephen Rea, Seamus Heaney, Seamus Deane, Tom Paulin agus David Hammond bunaitheoirí bhord an chompántais.  Ba é an cuspóir a bhí acu spás a chruthú a bheadh mar ‘chúigiú cúige’ agus a bheadh ní ba chumhachtaí ná an dá thaobh thubaisteacha a bhain le polaitíocht na hÉireann.  Bhí tionchar mór aige sin ar threo shlí bheatha Margo Harkin mar ealaíontóir agus go háirithe mar dhéantóir scannán amach as sin. Áirítear Mother Ireland; Hush-a-bye-Baby; 12 days in July agus The Hungerstrike lena scannáin a bhfuil gradaim buaite aici ar a son. Chruthaigh sí Bloody Sunday – A Derry Diary 12 bhliain i ndiaidh 1998, scannán a ainmníodh don Prix Europa agus cuireadh é i láthair ar ZDF, Arte agus ar RTÉ. Bhuaigh sí Gradam an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath le haghaidh Waveriders (2008) agus ansin Gradam George Morrison don Chlár Faisnéise Fada Éireannach is Fearr. Ba í Margo an chéad duine leis an ngradam ‘Outstanding Contribution to Irish Documentary’ a bhuachan ag Féile Scannán Bhéal Feirste in 2019.

Martin Lynch (Litríocht)

Rugadh agus tógadh Martin Lynch i gceantar na ndugaí i mBéal Feirste. Tá sé ag obair in earnáil na litríochta ar feadh níos mó ná 30 bliain, bhí sé ina dhrámadóir cónaitheach in Amharclann an Lyric, Béal Feirste, idir 1980 agus 1988 agus tá Lynch fós ag obair mar dhrámadóir i láthair na huaire. I measc na dtaibhithe is cáiliúla dá shaothar tá: Dockers (1981); The Interrogation of Ambrose Fogarty (1982); Lay Up Your Ends (1983-1985) (a scríobh sé le Marie Jones agus Compántas Amharclannaíochta Charabanc) agus neart eile, agus le déanaí taibhíodh na saothair iomráiteacha seo a leanas dá chuid: 1932 – The People Of Gallagher Street (2017) a scríobh sé le Gary Mitchell; We’ll Walk Hand In Hand (2018); The Miami Showband Story (2019) (a scríobh sé le Marie Jones). Ní bhíonn Lynch ag scríobh don stáitse amháin, chum sé neart drámaí don raidió agus BBC Radio 4 agus script scannáin A Prayer ForThe Dying le haghaidh Sam Goldwyn Films.  Aithnítear Lynch mar cheannródaí don amharclannaíocht phobail agus tá neart drámaí scríofa aige i gcomhar le pobail, ag cruthú meascán uathúil de rannpháirtíocht ghairmiúil agus phobail.

Gina Moxley (Litríocht)

Is drámadóir a bhfuil gradaim buaite aici atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath í Gina Moxley. Tá 18 dráma scríofa ag Moxley thar 30 bliain mar aon le gearrscéalta agus aistí. I measc na ndrámaí a chum sé tá: The Crumb Trail le haghaidh Compántas Amharclannaíochta Pan Pan; Map of M: Athchóirithe le haghaidh Contovento, An Róimh; A Heart of Cork le haghaidh Príomhchathair Chultúir na hEorpa, Corcaigh; Tea Set do Chompántas Amharclannaíochta Fishamble; Danti-Dan le haghaidh Rough Magic (a bhuaigh Gradam Stewart Parker in 1996); Dog House le haghaidh National Connections, RA; Toupees and Snare Drums do Choiscéim Amharclann na Mainistreach. Rinne Amharclann na Mainistreach an dráma is déanaí a scríobh sí The Patient Gloria a chomhléiriú i gcomhar le Compántas Amharclannaíochta Pan Pan le haghaidh Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath in 2018. Cuireadh é i láthair in Amharclann Traverse d’Fhéile Imill Dhún Éideann in 2019 agus bhuaigh sí céad duais na Féile agus gradam ‘Herald Angel’’ ar a shon. Scríobh Moxley drámaí do neart compántas amharclannaíochta agus Rough Magic; Fishamble; National Connections, RA; CoisCéim Amharclann Damhsa Chéim agus Compántas Amharclannaíochta Pan Pan ina measc. Bhí sí ina cóiritheoir drámaí ar neart taibhithe lena n-áirítear Spliced le Tom Creed, My Magnetic North le Gary Coyle, How to Keep an Alien le Sonya Kelly agus Solpadeine is My Boyfriend le Stefanie Preissner. Craoladh neart drámaí raidió de chuid Moxley agus foilsíodh neart gearrscéalta dá cuid freisin. I measc na ndrámaí raidió tá: Cuts, Marrying Dad, Physical Geography, The Candidate agus Swans Cross.

Valerie Mulvin (Ailtireacht)

Bhain Valerie Mulvin céim amach ó Scoil Ailtireachta an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular thug sí faoi thuilleadh staidéir sa Róimh agus ansin i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1987, d’oibrigh sí le Niall McCullough ar A Lost tradition: The Nature of Architecture in Ireland’, Gandon 1987, saothar ceannródaíoch inar fiosraíodh tíopeolaíocht agus stair trí fhoirgnimh thraidisiúnta na hÉireann. Ansin bhunaigh Mulvin McCullough Mulvin Architects in éineacht le Niall McCullough, cleachtas comhoibríoch, turgnamhach, ag cothromú taighde le tionscadail thógtha. Bhí sí ina bunaitheoir ar Group 91 meitheal ailtirí a bhuaigh an comórtas don Temple Bar Framework Plan agus a d’oibrigh ar neart tionscadal sa cheantar – go háirithe Temple Bar Gallery & Studios agus Black Church Print Studios. Is rannpháirtí ríthábhachtach í Mulvin san athbheochan atá ag athrú an chultúir ailtireachta in Éirinn ó bhí 1990 ann go dtí inniu. D’éirigh léi na caidrimh idir an ealaín chomhaimseartha agus an ailtireacht a fhiosrú ina saothar ar feadh a slí bheatha. I measc na bhfoirgneamh roghnaithe tá Áras Cónaithe na Mac Léinn Thapar, Punjab, India, 2018; Saotharlann Mhuirí agus Thaighde Fuinnimh Beaufort, Rinn an Scidígh, Corcaigh 2017; Stáisiún Dóiteáin Phort Láirge, Bóthar Chill Bharra, Port Láirge 2016; Institiúid Bhreisoideachais agus Leabharlann Phoiblí na Carraige Duibhe 2015; Foras Ailtireachta na hÉireann, Baile Átha Cliath; Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide agus Leabharlann James USSHER, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Cuirtear a saothar ar taispeáint go forleathan san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá, lena n-áirítear Gradaim Mies van der Rohe, Barcelona (cuireadh í ar an ngearrliosta in 2019); Displaced Longitude ag Stáisiún Meitreo Sao Bento (an Phortaingéil 2017); CEPT Ahmedabad, (India 2019); Open House (Baile Átha Cliath 2019); Geology/Biology Czech Architecture Festival in 2016 i measc neart eile. Moltar a cuid saothar i bhfoilseacháin, sa teagasc, sa léachtóireacht agus i dtaighde.

Mairead O’hEocha (Amharc-ealaín)

Rugadh Mairead O’hEocha i mBaile Átha Cliath agus bhain sí MA sa Mhínealaín amach ó Ollscoil Goldsmith, Londain agus BA sa Mhínealaín amach ó NCAD. Chuir sí fúithi i Londain ar feadh na mblianta ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath na laethanta seo. Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar a pictiúr ina ndírítear ar Éire mar ábhar, bíonn an bóthar agus na himill a ghabhann leis le feiceáil iontu mar shruth amharc-chód ag rianú stair cheilte na hÉireann trí thírdhreach agus ailtireacht.  Tá Irises in the Well, mother’s tankstation, Londain, RA (2018); Blackbirds in the Garden of Prisms, mother’s tankstation limited, Baile Átha Cliath (2016); Gallery 2, The Douglas Hyde Gallery, Baile Átha Cliath (2014), i measc na dtaispeántas aonair is déanaí uaithi. Maidir le taispeántais ghrúpa a raibh sí rannpháirteach iontu, tá Slow Painting, Hayward Gallery, RA (2019); agus áirítear lena taispeántais is déanaí Shaping Ireland, Landscapes in Irish Art, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (2019); A Painter’s Doubt: Painting & Phenomenology, Salzburger Kunstverein (2017); Douglas Hyde Gallery 2, (2014); Via an Lár, Douglas Hyde, Gallery 1, (2011); Coup de Ville Contemporary Art Festival, WARP, SintNiklaas, an Bheilg, (2116); Forecast of the next century, Lewis Glucksman Gallery, Corcaigh, Broad Art Museum, Michigan (2016).

Arthur Riordan (Litríocht)

Tá an drámadóir, Arthur Riordan, ag scríobh drámaí don stáitse agus don raidió le 30 bliain. Tá a shaothar fréamhaithe sa pholaitíocht chomhaimseartha radacach agus i stair na linne. Rinne Compántas Amharclannaíochta Rough Magic, compántas ina bhfuil sé ar dhuine dá bhunaitheoirí agus ina Ealaíontóir Comhlach, mórshaothair dá chuid a léiriú.  Áirítear le scríbhneoireacht Riordan cóiriú stáitse den úrscéal A Portrait of the Artist as a Young Man le haghaidh Rough Magic; an leabhróg le haghaidh Dubliners  de chuid Andrew Synnott ar son Opera Theatre Company; The Train, le haghaidh Rough Magic, ceol le Bill Whelan; dráma raidió, Love Me?! le haghaidh RTÉ; cóiriú ar Peer Gynt  le haghaidh Rough Magic, ceol le Tarab;  Slattery’s Sago Saga le haghaidh The Performance Corporation; Improbable Frequency le haghaidh Rough Magic, ceol le Bell Helicopter; seó aonair, The Emergency Session, le haghaidh Rough Magic freisin, agus dhá chomhshaothar le Des Bishop: Rap Éire le haghaidh Bickerstaffe, agus Shooting Gallery le haghaidh Bedrock Productions.

 

Liz Roche (Cóiréagrafaíocht)

Tá Liz Roche ina comhbhunaitheoir agus ina Stiúrthóir Ealaíne den chompántas damhsa, Liz Roche Company, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bhí Liz Roche Company ina chompántas cónaithe ag Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath agus ag Amharclann an Phobail, Tamhlacht, idir 2017 agus 2019, agus chuir an compántas breis is 20 dá cuid saothair i láthair agus chuaigh siad ar camchuairt leo ag taibhiú ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta ag roinnt ionad tionól agus féilte iomráiteacha lena n-áirítear Ionad Ealaíon Baryshnikov, Nua-Eabhrac, South Bank Centre, Londain, Féile Imill Dhún Éideann, Féile ‘Meet in Beijing’ agus Powerhouse Brisbane. I measc na gcoimisiún a bhí aici le déanaí bhí I/Thou le haghaidh Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí i gcomhar le hIonad Ealaíon Sirius faoinar cruthaíodh léiriúchán mór nua don stáitse san Áras Ceoldrámaíochta agus é spreagtha ag saothar an amharc-ealaíontóra, Brian O’Doherty/Patrick Ireland; The Here Trio le haghaidh Maiden Voyage, Béal Feirste, agus Näher… closer, nearer, sooner le haghaidh Goethe-Institut Ireland d’ócáid seolta dá bhfoirgneamh nuachóirithe ar Chearnóg Mhuirfean. Chuir an compántas Totems i láthair do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2017. Stiúir Liz Embodied, sraith cúig fhógra ban a raibh cóiréagrafaíocht leo, le haghaidh Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath, agus í coimisiúnaithe ag An Post/Ard-Oifig an Phoist dá gcomóradh in 2016. Chuir an compántas Bastard Amber i láthair den chéad uair in 2015 agus ba iad Amharclann na Mainistreach, Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath agus Féile Ealaíon Chill Chainnigh a choimisiúnaigh an saothar seo. Bhí Roche ina cóiréagrafaí cónaithe ag Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh idir 2009 agus 2012, agus i measc na ngradam iomadúil a bronnadh orthu tá Peter Darrell Choreographic Award, Bonnie Bird UK New Choreography Award agus Jane Snow Award de chuid Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath. Tá neart oibre déanta aici in earnáil na ceoldrámaíochta agus na hamharclannaíochta agus tá cóiréagrafaíocht déanta aici do neart cliant cáiliúil amhail Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman, National Opera of Korea, Rossini Opera Festival & Liceu Barcelona, Opernhaus Zurich, Opera de Nice agus Ceoldráma Éireann, Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata, Landmark Productions, The Ark Children’s Theatre agus Amharclann Lyric, Béal Feirste.

Jennifer Walshe (Ceol)

Is cumadóir í Jennifer Walshe a rugadh i mBaile Átha Cliath, rinne sí staidéar ar an gcumadóireacht le John Maxwell Geddes ag Acadamh Ríoga na hAlban don Cheol agus don Drámaíocht, le Kevin Volans i mBaile Átha Cliath agus bhain sí céim dochtúireachta sa chumadóireacht amach ó Northwestern University, Chicago, i mí an Mheithimh 2002. Rinneadh a ceol a choimisiúnú, a chraoladh agus a chur i láthair ar fud an domhain. Is iomaí saothar ceannródaíoch atá léirithe aici, cuir i gcás, XXX_Live_Nude_Girls (2003), an ceoldráma a chum sí le haghaidh bábóga Barbie agus ensemble; The Procedure for Smoothing Air (2005) le haghaidh Crash Ensemble; Everything is important (2016) do Cheathairéad Arditti, Jennifer Walshe (guth) agus scannán; Sites of an Investigation (2018) don ghuth agus don ceolfhoireann, agus d’éirigh léi cultúr avant-garde Éireannach a chruthú ina sraith Grúpat.  Bronnadh neart comhaltachtaí agus duaiseanna uirthi ó institiúidí cáiliúla amhail Foundation for Contemporary Arts, Nua-Eabhrac; DAAD Berliner Künstlerprogramm, Internationales Musikinstitut, Darmstadt agus Akademie Schloss Solitude, i measc neart eile. Bhronn Niedersächsisches Ministerium für Wissenschaft und Kultur an gradam ‘Praetorius Music Prize’ le haghaidh Cumadóireachta uirthi sa bhliain 2008. In 2016, bronnadh an gradam ‘BASCA British Composer Award for Innovation’ uirthi. Toghadh Walshe ar Akademie der Künste, an Ghearmáin, sa bhliain 2019. Is Ollamh í ag Hochschule für Musik und Darstellende Kunst, Stuttgart, faoi láthair. Tá saothair Walshe le fáil ar neart lipéad, lena n-áirítear Mere Records, Interval Recordings, Farpoint Recordings agus Migro, lena n-áirítear an dara albam aonair uaithi All the Many Peoples (2019). I measc na gcoimisiún a bhí aici le déanaí bhí Trí Amhrán (2019) don ghuth agus don phianó, a choimisiúnaigh Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge 2019; Time Time Time (2019), ceoldráma le haghaidh naonúr taibheoirí, a choimisiúnaigh Sonic Acts (an Ísiltír), Borealis (an Iorua), Maerzmusik (an Ghearmáin), Ultima (an Iorua) agus London Contemporary Music Festival/Serpentine Gallery; Ukultrachunk (2018) don ghuth agus don líonra néarach, a choimisiúnaigh Somerset House Studios, Londain; The Site of an Investigation (2018) don ghuth agus don cheolfhoireann, a choimisiúnaigh RTÉ le haghaidh Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ.