Tionól Ginearálta Aosdána

Tionólfaidh Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, a Thionól Ginearálta Déardaoin, 7 Bealtaine 2020 in O’Reilly Hall, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Campas Belfield i gcomhpháirt le Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí agus Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, COBÁC. Is é seo an 41ú Tionól Ginearálta d’Aosdána.

Tagann comhaltaí Aosdána le chéile ag Tionól Ginearálta uair sa bhliain, chun comhaltaí nua a thoghadh, chun cúrsaí beartais agus nósanna imeachta a shocrú, chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla Aosdána, agus chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann leis na healaíona agus le healaíontóirí sa tsochaí. Cumhdaítear imeachtaí an Tionóil Ghinearálta sna Buan-Orduithe.

 

Beidh Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh rannpháirteach sa Tionól Ginearálta agus beidh scoláirí sinsir Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta páirteach i seisiún an iarnóin a bheidh ar oscailt don phobal.