Searmanas Saoi ag an gComhairle Ealaíon

Ceaptar Roger Doyle ar an 20ú Saoi i stair Aosdána.

Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, páirteach i searmanas sa Chomhairle Ealaíon Dé hAoine, 16 Iúil 2019, tráth ar ceapadh an cumadóir Roger Doyle ina shaoi de chuid Aosdána.

Bronntar teideal an tSaoi as ucht saothar leanúnach uathúil den scoth a chruthú sna healaíona, agus bhronn an tUachtarán Torc órga, siombail na hoifige, ar Roger Doyle.

D’fhreastail gaolta agus cairde an chumadóra ar an searmanas, chomh maith le go leor comhghleacaithe dá chuid, comhaltaí de chuid Aosdána agus ionadaithe ó earnáil an cheoil agus na n-ealaíon ina measc. Bhí Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter agus Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride, i láthair freisin.

Tá roinnt grianghraf ón imeacht anseo:

Grianghraf a hAon: Sroicheann Roger Doyle agus Mary Connelly oifigí na Comhairle Ealaíon.

Grianghraf a Dó: Cuireann Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride agus Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter, fáilte roimh Roger Doyle.

Grianghraf a Trí: Buaileann Roger Doyle le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.

Grianghraf a Ceathair: Faigheann Roger Doyle an Torc órga agus glacann sé go foirmiúil le hOifig an tSaoi.

Grianghraf a Cúig: Orlaith McBride, Mary Connelly, an tUachtarán Ó hUigínn, Roger Doyle agus Kevin Rafter.