Is oth leis Aosdána agus don an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás Eugene McCabe.

Méala mór Aosdána agus don Chomhairle Ealaíon é bás an scríbhneora agus comhalta Aosdána, Eugene McCabe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus é ag labhairt inniu: “Dúirt Colm Tóibín uair amháin nach gcruthaíonn Eugene McCabe ach ‘sárshaothair amháin’, agus is fíor sin. Agus é ag scríobh thar gach uile foirm scríbhneoireachta atá ann, bhí sé an-tiomanta don teanga agus don cheird, agus bhí tionchar mór ag a shaothar cumhachtach ar lucht léitheoireachta ollmhór. Ní raibh eagla air faoin gcastacht ná faoin miondifríocht, rinne sé taifead ar chúrsaí polaitiúla agus pearsanta le léargas a bhí chomh géar is a bhí sé daonna.

Fágann Eugene McCabe corpas mór saothair ina dhiaidh, saothair a léifear, a thaibheofar agus a mbreathnófar air sna glúnta atá le teacht.”
Rugadh é i nGlaschú i mí Iúil 1930 agus ba Éireannaigh iad a thuismitheoirí. D’fhill an teaghlach ar Chluain Eois i gContae Mhuineacháin go luath sna daichidí agus chuaigh Eugene go dtí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Go luath sna seachtóidí scríobh sé an saothar is iomráití leis, tríológ de dhrámaí teilifíse mar gheall ar thraidisiúin éagsúla i dTuaisceart Éireann. Chraol RTÉ an tríológ sa bhliain 1973. ‘Victims’ an t-ainm a bhí ar an tsraith iomlán, agus na drámaí ‘Cancer’, ‘Heritage’ agus ‘Siege’ mar chuid de. Bhuaigh ‘Cancer’ Duais na Scríbhneoirí i bPrág agus an dara duais sa Prix Italia.

D’éirigh lena úrscéal ‘Death and Nightingales’, a foilsíodh in 1992 agus atá suite in 1883, stádas mar shárphíosa comhaimseartha a bhaint amach. Is iomaí sin duais atá buaite aige, lena n-áirítear Duais Amharclannaíochta Irish Life sa bhliain 1964 le haghaidh ‘King of the Castle’ a léiríodh den chéad uair le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath na bliana sin; Dochtúireacht Legum ó University of Prince Edward Island, Ceanada 1990 agus Duais Litríochta an Bhuitléaraigh le haghaidh an Phróis ón Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach sa bhliain 2002. Bhronn American/Irish Ireland Funds an duais ‘AWB Vincent Literary Award’ air in 2006.

Tá gearrshaothair fhicsin curtha ar fáil aige freisin, mar shampla an nóibhille agus gearrscéalta sa chnuasach ‘Victims: A Tale from Fermanagh’ (Londain, Gollancz/Corciagh, Mercier, 1976); ‘Heritage and Other Stories’ (Gollancz, 1978); ‘Christ in the Fields’, A Fermanagh Trilogy (Londain, Minerva, 1993); ‘Tales from the Poor House’ (Oldcastle, The Gallery Press, 1999); agus ‘Heaven Lies about Us’ (Londain, Cape, 2005).
Bhí cónaí air ar fheirm i gCluain Eois.

Maireann a bhean chéile Margot, a leanaí Ruth, Marcus, Patrick agus Stephen agus a 13 gharpháiste.