Is oth leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás Ulick O’Connor

Is méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an scríbhneora, Ulick O’Connor. Comhalta de chuid Aosdána ba ea é freisin.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter:

“Cailleadh millteanach mór d’Éirinn is ea bás Ulick O’Connor. Fear ildánach ba ea é – i measc a chuid scríbhneoireachta bhí stair, drámaíocht, prós, léirmheastóireacht agus filíocht. Chuir sé go mór le saol intleachtúil agus cultúrtha na tíre.

“Bhí sé bríomhar agus cróga mar scríbhneoir agus bhí gnaoi na ndaoine air. Thuig sé, agus go deimhin léirigh sé, a thábhachtaí atá guth an ealaíontóra sa díospóireacht pholaitiúil agus chultúrtha. Cronófar go mór é.”

Tháinig Ulick O’Connor ar an saol i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928. Rinne sé staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in New Orleans. Abhcóide a bhí ann ar feadh roinnt blianta agus thug sé aghaidh ar an scríbhneoireacht ar bhonn lánaimseartha ina dhiaidh sin.

Ar na drámaí uaidh tá The Dream Box (1972), The Dark Lovers (1975), The Emperor’s Envoy (1976), The Grand Inquisitor (1977), Submarine (1977), Deirdre (1977), The Oval Machine (cóiriú ar mhiotas Hipiliteas, 1986), Joycity (1989) agus d’aistrigh Raymond Gerome A Trinity of Two (1988) (dráma faoi Oscar Wilde agus Edward Carson) mar Deux de la Trinité i 1990.

Áirítear lena leabhair filíochta Lifestyles (1973), Three Noh Plays (1980), All Things Counter (1986) agus One is Animate (1990), chomh maith le haistriúchán ar shaothar Baudelaire Les Fleurs du Mal, ina bhfuil réamhrá le Michel Déon ó L’Académie Française.

B’fhéidir gurbh iad na drámaí a scríobhadh i bhfoirm Noh an lorg ab éagsúla a d’fhág sé ar an amharclannaíocht. Ina measc siúd tá Submarine (1977) agus Deirdre (1977); rinneadh taibhléiriú orthu sin in Amharclann na Mainistreach, agus i Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin. Faoi choimirce fhondúireacht chultúrtha na Seapáine, chaith sé seal sa tSeapáin ag scrúdú gnéithe den stíl Noh ansin.

D’fhan beathaisnéis Oliver St. John Gogarty (Jonathan Cape, 1964) agus beathaisnéis Brendan Behan (Hamish Hamilton, 1970) dá chuid i gcló ó foilsíodh iad. Tá roinnt saothair léirmheastóireachta agus staire scríofa aige, lena n-áirítear A Terrible Beauty Is Born (1975), A History of Ireland from 1912 to 1922 (a foilsíodh faoi ainmneacha difriúla ó shin); Celtic Dawn (1984), faoi athbheochan liteartha na hÉireann; agus Biographers and the Art of Biography, 1991. Cuireadh Irish Tales and Sagas i gcló i 1981, ina bhfuil léaráidí le Pauline Bewick. Foilsíodh a chuid dialann sa bhliain 2000, agus bhí sé ag obair ar an dara himleabhar.

Bronnadh Gradam Liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí air i 1985.