Is oth leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás Micky Donnelly

Is méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an amharc-ealaíontóra, Micky Donnelly. Comhalta de chuid Aosdána ba ea é freisin.

Tháinig Micky Donnelly ar an saol i mBéal Feirste sa bhliain 1952. Rinne sé staidéar in Ollscoil Uladh idir 1976 agus 1981, áit ar bhain sé BA agus MA sa Mhínealaín amach. Ó shin amach, thaispeáin sé a chuid pictiúr, líníochtaí agus suiteálacha i mórán taispeántais aonair agus ghrúpa in Éirinn, sa Bhreatain, san Eoraip, sa Nua-Shéalainn, sa tSeapáin, i Meicsiceo, i gCeanada agus i Meiriceá. Chomh maith leis sin, áiríodh é i roinnt taispeántais iniúchta d’Ealaín na hÉireann, ar thaispeántais iomráiteacha idirnáisiúnta iad.

Bronnadh an dúrud gradam agus duaiseanna air, agus chaith sé seal ag obair san Iodáil, sna Stáit Aontaithe agus sa Nua-Shéalainn. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise ealaíne Circa agus scríobh sé faoi ealaín chomhaimseartha i gcomhair foilseacháin éagsúla. Bhí saothar leis le fáil in anrud bailiúcháin ealaíne, idir phríobháideach agus phoiblí, in Éirinn, san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, lenar áiríodh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Iarsmalann Uladh, an Chomhairle Ealaíon, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Comhairle Ealaíon Shasana, Comhairle na Breataine, agus Parlaimint na hEorpa. Cuireadh a shaothar ar taispeáint i nDánlann Fenderesky, Béal Feirste, i nDánlanna an Táilliúraigh, Baile Átha Cliath, agus i nDánlann Norman Villa, Gaillimh.