Is oth go mór leis an gComhairle Ealaíon go bhfuil Ciaran Carson, scríbhneoir agus ball d’Aosdána, ar shlí na fírinne.

Is méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an scríbhneoir agus ball d’Aosdána, Ciaran Carson

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter:

“Is cúis mhór bróin dúinn a chloisteáil inniu gur éag Ciaran Carson. Scríbhneoir ildánach a bhí ann a raibh tallann agus samhlaíocht den scoth aige. Is mar fhile bisiúil den chéad scoth is mó a bhí aithne air, ach bhí a shaothar próis chomh maith céanna, agus a shaothar aistriúcháin.”

Chomh maith le bheith ina ealaíontóir ildánach, ba mhúinteoir iontach a bhí ann freisin. Thug sé spreagadh ollmhór do léitheoirí agus do scríbhneoirí, a dúirt an tOllamh Rafter.

“Fear deisbhéalach agus críonna a bhí ann agus mhair a dhúthracht don fhocal scríofa go dtí an lá deiridh dá shaol,” a dúirt sé. “Aireoimid uainn go mór é.”

Tá an bailiúchán filíochta deiridh le Ciaran Carson – Still Life – le foilsiú níos déanaí an mhí seo.