Is méala mór don Chomhairle Ealaíon agus Aosdána é bás an chumadóra, Eric Sweeney.

 

Is mór is oth leis an gComhairle Ealaíon agus Aosdána go bhfuil Eric Sweeney, comhalta d’Aosdána agus cumadóir, ar shlí na fírinne.

Ag labhairt dó inniu, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter, “Bhí glór beachtaithe agus uathúil ceolmhar Eric féin ann i gcónaí trí éabhlóid an-spéisiúil ar an stíl le linn a shaoil fhada, tháirgiúil cumadóireachta. Aireofar uainn go mór an méid a chuir sé le saol an cheoil in Éirinn mar chumadóir, mar ghníomhaí bríomhar sa cheol agus mar mhúinteoir agus meantóir inspioráideach agus spreagúil do cheoltóirí agus cumadóirí óga, agus aireofar uainn freisin a ghnaíúlacht shéimh agus a ghreann tráthúil. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Sally agus a gclann agus lena mhuintir agus táimid ag cuimhneamh orthu inniu.”

Rugadh Eric Sweeny in 1948 agus bhí sé ina chomhalta d’Aosdána agus ina iar-chomhalta den Chomhairle Ealaíon ó 1989 go dtí 1993. Ó thaobh an cheoil de, chuaigh blianta luatha a shaoil i gcion go mór air agus é ina chórchantaire buachalla in Ard-Eaglais Phádraig, Baile Átha Cliath agus thosaigh sé ag staidéar le bheith ina orgánaí le Sidney Grieg. Rinne sé staidéar in Éirinn, i Sasana, sa Bheilg agus san Iodáil ina dhiaidh sin.

Bhí saol an-ghnóthach aige mar chumadóir, orgánaí agus córstiúrthóir féinfhostaithe lonnaithe i mBaile Átha Cliath, tréimhse ina Chórstiúrthóir ag RTÉ idir 1978 agus 1981 san áireamh, sular chuir sé faoi i bPort Láirge, áit a raibh sé ina Cheann Ceoil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ó 1998 go dtí 2010, nuair a d’éirigh sé as. Bhí sé ina léachtóir roimhe sin i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus in Ardscoil an Cheoil in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Chuir sé amach corpas mór saothair cumadóireachta, idir shaothair ceoil uirlise don duine aonair agus saothair do cheolfhoireann (roinnt coinséartónna agus dhá shiansa san áireamh) agus bhí aschur suntasach córcheoil agus ceoil gutha aige freisin. I measc a shaothair le déanaí, tá na trí cheoldráma aireagail ‘Ulysses’ (2015), ‘The Green One’ (2014) agus ‘The Invader’ (2013). D’fhorbair a chuid ceoil i rith a shaoil, ag bogadh ó stíl nua-aimseartha a bhí faoi thionchar láidir na hEorpa go stíl a beachtaíodh agus a pearsantaíodh ar bhealach níos uathúla ina raibh meascán den traidisiún sin, gnéithe tonúla agus íostacha agus ceol traidisiúnta na hÉireann.  

I measca na ngrúpaí a sheinn a chuid ceoil, tá an Cheolfhoireann Fhiolarmónach Ríoga, Cór Aireagail na hÉireann, Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, Ceolfhoireann Aireagail Phrág, Ceolfhoireann Aireagail an Aontais Eorpaigh, Cóir Ógra Náisiúnta na Breataine Móire agus Ceolfhoireann Uladh, i measc grúpaí eile.

Rinne Eric ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an International Rostrum of Composers i bPáras cúig huaire, agus craoladh a shaothar ar fud na hEorpa agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada. In 1995, bhí sé ina chumadóir cónaithe ag Newport Music Festival, Rhode Island, SAM agus in 1998, bhí sé ina Scoláire ar Cuairt leis an gCumadóireacht ag Ollscoil Illinois, Urbana.