Fógraíonn Aosdána Comhalta Nua

Toghann Aosdána comhalta nua inniu Is é an cóiréagrafaí John Scott an comhalta nuathofa. Bhí triúr iarrthóirí ar comhscór don áit deiridh ag an gcéad chomhaireamh bailéad a rinneadh ar an 13 Deireadh Fómhair. Cuirtear críoch le toghchán na gcomhaltaí nua le haghaidh 2020 leis an toghchán inniu.

Bunaíodh Aosdána in 1981 chun ómós a thabhairt d’ealaíontóirí ar chuidigh agus ar chuir a saothar go suaithinseach leis na healaíona cruthaitheacha in Éirinn, agus cuidíonn sí le comhaltaí iomlán a ndúthrachta a chaitheamh lena n-ealaín. Tar éis suirbhé a rinne an Chomhairle Ealaíon in 1979 maidir le dálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí agus cur is cúiteamh ar scéim chun tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí aonair, bhunaigh an Chomhairle Ealaíon agus Rialtas na linne sin Aosdána i gcomhar lena chéile. Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir le níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór go mbeadh corpas saothair suaitheanta cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan seánraí sna disciplíní seo a leanas: ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus an amharc-ealaín.

Rugadh John Scott (Cóiréagrafaíocht) i mBaile Átha Cliath agus rinne sé staidéar agus taibhiú ag Coláiste Náisiúnta Damhsa na hÉireann i mBaile Átha Cliath/Dublin City Ballet idir 1982 agus 1985 i saothair a chum Anton Dolin, Anna Sokolow agus Babil Gandara. Thug sé faoi staidéar ina dhiaidh sin leis an gCóiréagrafaí/gCumadóir/Déantóir Scannán, Meredith Monk, i Nua-Eabhrac, agus thaibhigh sé ina sárshaothar, Quarry, ag Féile Spoleto agus le haghaidh Oona Doherty, Yoshiko Chuma, Sarah Rudner, Anna Sokolow agus Thomas Lehmen i SAM, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Bhunaigh sé Irish Modern Dance Theatre sa bhliain 1991 mar ardán dá chuid saothar féin agus chun malartuithe cóiréagrafaíochta idirnáisiúnta a chruthú le cóiréagrafaithe mór le rá sa phobal rince in Éirinn agus chun guth cóiréagrafaíochta comhaimseartha Éireannach a fhorbairt. I measc a shaothar cóiréagrafaíochta tá Divine Madness (2019), Inventions (2018), Cloud Study (2018), Everything Now, Lear, Fall and Recover, Actions a cuireadh i láthair in Éirinn ag Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath, Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, Féile Ealaíon Chill Chainnigh, Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath agus go hidirnáisiúnta in Ionad John F Kennedy, Washington DC, Nua-Eabhrac, Live Arts, La MaMa, Danspace Project ag St Mark’s Church, PS 122, Nua-Eabhrac, Dance Base, Dún Éideann, Sounded Bodies Festival agus Queer Zagreb, Les Hivernales, Avignon, Tanzmesse Dusseldorf, Forum Cultural Mundial, an Bhrasaíl agus Féile Idirnáisiúnta Dhamhsa Ramallah, an Phalaistín. Ó 2003 i leith, d’fhorbair Scott roinnt saothar ceannródaíoch ag sníomh Daoine ón Afraic agus ón Meánoirthear a d’Fhulaing Céasadh iontu. Rinne sé cóiréagrafaíocht ar roinnt scannán damhsa éagsúla a léiríodh ar RTÉ agus ag féilte idirnáisiúnta. D’oibrigh sé le Pan Pan ar QUAD de chuid Beckett le déanaí. Tá Scott ina ábhar de Sadlers Wells’ 52 Portraits le Jonathan Burrows, Matteo Fargin agus Hugo Glendinning chomh maith. Chruthaigh sé saothair le haghaidh Blanca Arrietta Company, Bilbao; Conservatoire Superieur National pour la Musique et pour la Danse, Páras; Croí Glan Integrated Dance Company agus Step Up Dance Company. Theagasc sé an chóiréagrafaíocht ag Dámh Chruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh, An Roinn Drámaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, An Roinn Drámaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Drexel University, Philidelphia, University of Colorado in Boulder agus San Jose State University SAM.