Dámhachtain Anthony Cronin

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí atá i lár a ngairme, i mBéarla nó i nGaeilge, agus a oibríonn in aon fhoirm, cur isteach ar dhámhachtain eisceachtúil in ómós Shaoi Aosdána Anthony Cronin.

Bhí Anthony Cronin (1928-2016) ar dhuine de na scríbhneoirí ba shuntasaí lenár linn. Cé gurbh ag saothrú na filíochta ba mhó a bhíodh sé, a bhfuil bailiúcháin mar RMS Titanic, The End of the Modern World, The Minotaur agus The Fall i measc a shaothair, bailiúcháin atá lán le fiosracht an duine féin faoi féin ach atá saibhir ó thaobh liricí, ba scríbhneoir próis den scoth a bhí ann freisin. Léirítear a réimse i saothair ar nós an úrscéil iontaigh, ghrinn The Life of Riley, Dead as Doornails, atá thar a bheith brónach, agus beathaisnéisí údarásacha Samuel Beckett agus Flann O’Brien, The Last Modernist agus No Laughing Matter.  Ba léirmheastóir é freisin, agus scríobh sé an saothar géarchúiseach A Question of Modernity agus An Irish Eye agus scríobhadh sé colún filíochta a mbíodh an-tóir air le haghaidh The Sunday Independent. Ina ról mar Chomhairleoir ar na hEalaíona agus an Cultúr don Taoiseach Charles J Haughey bhí príomhról aige i mbunú IMMA, na Comhairle Oidhreachta agus Aosdána. Toghadh é mar Shaoi Aosdána in 2003.

Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Ag tráth a bhfuil borradh thar cuimse ar scríbhneoireacht na hÉireann, tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon ómós a thabhairt don fhile, don scríbhneoir agus do Shaoi Aosdána, Anthony Cronin leis an dámhachtain seo,” a dúirt sí. “Léirigh Anthony Cronin, trína shaothar ar feadh a shaoil, mar fhile, mar scríbhneoir agus mar chomhairleoir speisialta don Rialtas, tuiscint shoiléir ar an ngá atá ann tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmeacha beatha. Leis an dámhachtain seo, atá dírithe ar scríbhneoirí i lár a ngairme atá ag iarraidh gné idirnáisiúnta a gcleachtais a fhorbairt, cuirtear le tacaíochtaí reatha na Comhairle Ealaíon do scríbhneoirí.”

Is é príomhchuspóir na dámhachtana tacú le scríbhneoir atá i lár a g(h)airme agus a scríobhann saothar liteartha agus cur ar a c(h)umas tuilleadh scríbhneoireachta a fhorbairt. Chun críocha na dámhachtana seo, sainítear scríbhneoir i lár a g(h)airme mar dhuine ar foilsíodh, tráth an iarratais seo, a c(h)éad leabhar nó bhailiúchán ar a laghad. Mar aon le ham a fháil chun a s(h)aothar a fhorbairt, tá cuspóir eile ag an dámhachtain, is é sin chun cur ar chumas an scríbhneora tabhairt faoi thaisteal nó cónaitheacht thar lear ag a rogha láthair ar mhaithe le taighde a dhéanamh chun saothar nua a fhorbairt agus chun cleachtas ealaíne a fhorbairt. Agus é sin á dhéanamh, tá sé i gceist go gcuirfeadh an dámhachtain ar chumas an scríbhneora a roghnófar gné idirnáisiúnta a g(h)airme agus a p(h)róifíle a fhorbairt thar lear.

Is fiú €13,000 an dámhachtain, a bhfuil €3,000 mar chuid de chun taisteal thar lear. Tugtar cuireadh d’iarrthóirí ar spéis leo an dámhachtain iarratas a dhéanamh ar líne trí sheirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais 5.30 p.m., Déardaoin, 7 Feabhra 2019.