Cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon bás an amharc-ealaíontóra, Sonja Landweer. Comhalta de chuid Aosdána ba ea í freisin.

Cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon bás an amharc-ealaíontóra, Sonja Landweer. Comhalta de chuid Aosdána ba ea é freisin.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “Chuir Sonja Landweer go mór leis na hamharc-ealaíona in Éirinn ina gairm bheatha bhisiúil agus bheoga ar feadh beagnach trí scór bliain i mbun ceirde. Cronófar go mór í.”

Rugadh Sonja Landweer in Amstardam i 1933, agus rinne sí staidéar ag an Amsterdam School of Industrial Design (Rietveld Academy anois). Mhúnlaigh sí teicníc cheirmeach baitíce ag tús na 1960idí.

Bhog sí go hÉirinn go luath sna 1960idí le bheith mar chuid de Cheardlann Deartha Chill Chainnigh a bhí ag tosú amach agus bhí Sonja mar chuid de ghlúin cheannródaíoch ealaíontóirí a chuir go mór le hathbheochan na n-amharcealaíon, na dtraidisiún ceardaíochta agus deartha sa tír seo. D’úsáid sí réimse ábhar agus meán ina ceird; rinne Landweer iarracht áilleacht agus castacht an domhain nádúrtha a léiriú agus a spreagadh. Ar an gcaoi chéanna, bhí tionchar mór aici ag cur deireadh le bacainní thar foirmeacha ealaíne i dtreo tuiscint chomhroinnte a chothú idir ealaíontóirí agus déantóirí de gach cineál.

Áiríodh ar a taispeántais aonair David Hendriks Gallery, Baile Átha Cliath (1967-81); Kapelhuis, Amersfoort (1966-81); Galerie In-Art, Amstardam (1972, 93); Taylor Galleries, Baile Átha Cliath (1989, 92); Museum of Decorative Arts, Cóbanhávan (1972); Hildesheim Stadtisches Museum, Iarthar na Gearmáine (1973); Iarsmalann Uladh (1990); Rudolf Heltzl, Kilkenny (1990, 91); Gallery Brigitta Moser, Zurich (1992); Seachtain Ealaíon Chill Chainnigh (1992, 93, 95); Galerie Tactus Kopenhafen (1997); Frans Hals Museum, Haarlem, An Ollainn (1998); Grimmerhus, An Danmhairg (1998); Pepper Canister Gallery, Baile Átha Cliath (2001) agus Butler Gallery (Dánlann an Bhuitléaraigh), Cill Chainnigh (2003-04), Ionad Visual, Ceatharlach (2008)

Áiríodh lena taispeántais i ngrúpa New Ceramics, Iarsmalann Uladh, Béal Feirste (1974); Kilkenny Design Workshop (1977); World Craft Council Exhibition, Goteborg (1979); Concorso Internationale della Ceramica D’Arte, Faenza (1986); Women in irish Art, Hugh Lane Municipal Gallery Configura, Art in Europe, Erfurt, An Ghearmáin (1991); Made in Europe, Gallery Trits, Delft, An Ollainn (1992); Pur Sang Galerie Trits, Delft (1994); Frennale Zagiele Croatia (1994-97); Galerie Louis Martin, Delft, Siol, Baile Átha Cliath (1995); Barbican Centre London (1996); Six Amsterdammers, Galerie Amphora Holland (2000); Irish Ceramics, Scotland – Ireland (2001) agus tugadh cuireadh di a bheith ina healaíontóir do sheónna RHA in 2002, 2004 agus 2005. Tá saothar reatha de chuid Sonja mar chuid de thaispeántas In the Age of Conscious Makers atá ar taispeáint i nGailearaí NCAD go dtí an 6 Eanáir 2020.