Cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon agus Aosdána bás an phéintéara, Michael Cullen.

Is méala mór don Chomhairle Ealaíon agus Aosdána é bás an phéintéara, Michael Cullen.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “Bhí saothar Michael lán le bríomhaireacht agus déine. Léirigh sé a spiorad mar ealaíontóir ina chuid saothar, go háirithe an taisteal a rinne sé, rud a chuir sé in iúl tríd an úsáid mhisniúil a bhain sé as dath agus pátrún. Aireofar uainn go mór an méid a thug sé don ealaín in Éirinn agus a láithreacht inár bpobal ealaíontóirí.”

Rugadh Michael Cullen i gCill Chomhghaill, Contae Chill Mhantáin i 1946. Rinne sé staidéar ar an bpéintéireacht sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne i mBaile Átha Cliath agus ar líníocht bheo ag an Central College of Art and Design i Londain.

Ó 1969, chónaigh sé agus d’oibrigh sé ar feadh tréimhsí fada i Sasana, sa Spáinn, i Maracó, sa Ghearmáin, i Meicsiceo agus sa Fhrainc. Le gairid, chaith sé a chuid ama idir Éirinn agus an Spáinn.

Toghadh mar chomhalta d’Aosdána i 1984 é. In 2006, toghadh ina chomhlach é den Acadamh Ibeirneach Ríoga agus in 2007 toghadh ina chomhalta iomlán é.

Ar roinnt de na bailiúcháin ina bhfeictear a chuid saothair tá: Museum of Modern Art, Kamnik, an tSlóivéin; Berlin Senate Collection; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann; Iarsmalann Uladh; Bailiúchán Cathartha, Comhairle Cathrach Dhoire; an Chomhairle Ealaíon; Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann; Cumann Ealaíon Comhaimseartha na hÉireann; Edward Kienholz and Nancy Reddin Kienholz Collection, Idaho, SAM; Banc Ceannais na hÉireann; Banc Aontaithe na hÉireann; Banc na hÉireann; Oifig na nOibreacha Poiblí; Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath an Hugh Lane; agus faoi roinnt bailiúchán in IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Rinne Taylor Galleries, Baile Átha Cliath ionadaíocht ar Mhichael Cullen agus ó 1968 bhí 35 taispeántas aonair aige agus thaispeáin sé i roinnt taispeántas grúpa.