Comhalta Aosdána Pádraic Fiacc imithe ar shlí na fírinne

 

Chuir an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar bhás Phádraic Fiacc, file agus comhalta Aosdána.

Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “B’fhile é Pádraic Fiacc a raibh tábhacht idirnáisiúnta agus náisiúnta lena chuid saothair, a chuaigh i ngleic le taithí chasta dhiaspóra na hÉireann agus an iliomad gné a bhain léi. Is díol suntais a chuid filíochta ó thaobh raoin agus doimhneachta de, agus níl aon amhras faoi ach go mbeifear á léamh agus i mbun staidéir uirthi ar feadh blianta fada amach anseo.”

Rugadh Pádraic i mBéal Feirste in 1924 agus is i Nua-Eabhrac a tógadh é. D’fhill sé ar Bhéal Feirste in 1946. Bhain a chéad chnuasach filíochta, Woe to the Boy, an AE Memorial Prize amach in 1957; i measc na gcnuasach a bhí aige ní ba dhéanaí bhí By the Black Stream (1969), Odour of Blood (1973), Nights in the Bad Place (1977), Missa Terriblis (1986), Ruined Pages (1994), Red Earth (1996) agus Semper Vacare (1999). Chuir sé The Wearing of the Black in eagar, díolaim ó 1974 faoi Thuaisceart Éireann, agus píosa go deimhin a tharraing go leor cainte agus cur is cúiteamh i measc an phobail. Fuair sé sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon in 1976 agus 1980, agus in 1981, Dámhachtain Éigse Éireann. Bhí cónaí air i mBéal Feirste.