Is oth leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an fhile Derek Mahon

Photo: John Minahan, The Gallery Press.

Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar chloisteáil faoi bhás Derek Mahon, file agus comhalta Aosdána.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus é ag labhairt inniu:

“In Éirinn agus ar fud na cruinne, goilleann a bhás go mór orainn. Fathach de chuid na litríochta ab ea Derek Mahon, agus bhí buanna as cuimse aige. Sna dánta láidre aige, a chuir sé le chéile go docht daingean, léirigh sé a raibh gnách agus neamhghnách. Níor leasc leis riamh dul i ngleic le téamaí comhaimseartha agus ba mhinic a ceistíodh sa saothar aige a bhríche a d’fhéadfaí saothar an ealaíontóra a bheith sa nua-aois seo. Ina ainneoin sin, thugadh a ghuth, riamh anall, agus tugann fós, daoine fud fad na hÉireann agus fud fad an domhain le chéile. Ní dhéanfaidh aon duine dearmad choíche den chinneadh a rinne Nuacht RTÉ, ag deireadh mhí an Mhárta, dán Derek Mahon, Everything Is Going to Be All Right, a ghairm ag deireadh lá diachrach le linn na paindéime; thug a chuid focal sólás agus brí do dhaoine ar fud na tíre tráth a raibh siad ag teastáil go géar. Beidh a chuid focal ag teastáil fós.

Bhí saol Mahon tiomanta dá cheird, thrasnaigh a chuid scríbhneoireachta an iliomad foirmeacha, agus bhí teagmhálacha leanúnacha aige le foirmeacha eile ealaíne. Chlúdaigh gairmréim bhisiúil ghradamach Mahon beagnach 60 bliain; is amhlaidh gur i dtreise a chuaigh a bheocht éirimiúil ealaíonta le deich mbliana anuas. Bronnadh an Gradam Poetry Now ar an gcnuasach is úire aige, Against the Clock (Gallery Press), níos luaithe i mbliana. Ag labhairt dó thar ceann na moltóirí, dúirt Bernard O’Donoghue, file agus Comhalta Emeritus de chuid Choláiste Wadham in Oxford, gur sárshaothar amach is amach é Against the Clock, a phléann go maisiúil le “grá agus caillteanas, duthaine, aois agus am” agus é líon lán ciútaí barrúla. Eiseamláir is ea é, freisin, den chaoi ar cheart scríobh go dírbheathaisnéiseach ach gan a bheith féinghafa”. Is é a spreag an leabhar, dar leis, ná “fuinneamh dochloíte filíochta atá ‘still singing, still going strong’”. Cuirfidh a bhás as go mór do lucht litreacha, do lucht na n-ealaíon, agus do mhuintir na hÉireann. Leanfaidh na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh de bheith ag treabhadh trína mhórbhailiúchán saothair go ceann blianta fada.” Rugadh Derek Mahon i mBéal Feirste sa bhliain 1941, agus bhí cónaí air i gCionn tSáile, Contae Chorcaí. Bhí sé ina chomhalta d’Aosdána agus ghnóthaigh sé an iliomad gradam, lena n-áirítear Gradam Acadamh Litríochta na hÉireann, Gradam Aistriúcháin Scott Moncrieff agus Comhaltachtaí Lannan agus Guggenheim. Mar aitheantas ar ar ghnóthaigh Derek Mahon le linn a shaoil, bronnadh Gradam David Cohen na Litríochta air in 2007. Ar a chuid foilseachán bhí, The Hudson Letter, The Yellow Book, Words in the Air (dátheangach, agus an Fhraincis le Philippe Jaccottet), Birds (aistriúchán de Oiseaux le Saint-John Perse), Harbour Lights (2005) (a bhuaigh Gradam Poetry Now an Irish Times in 2006) Adaptations (2006), Life on Earth (2008, a bhuaigh Gradam Poetry Now an Irish Times), An Autumn Wind (2010), New Collected Poems (2011), Raw Material (2011, rogha d’aistriúcháin), Selected Prose (2012), Echo’s Grove (2013, rogha d’aistriúcháin agus aistriúcháin úra), Red Sails (2014, prós), New Selected Poems (2016), Olympia and the Internet (2017 aistí), The Rain Bridge (2017, A Story for Rory, arna mhaisiú ag Sarah Iremonger), Against the Clock (2018) a bhuaigh Gradam Poetry Now an Irish Times and Washing Up, atá le foilsiú ar an 29 Deireadh Fómhair 2020. Ar a shaothar don amharclannaíocht, bhí leaganacha de The School for Wives agus High Time le Moliere, Phaedra le Racine, The Bacchae (after Euripides), Cyrano de Bergerac (leagan úr den ‘ghean-dráma laochúil’ le Rostand) a léiríodh ag an National Theatre i Londain in 2004 agus Oedipus (after Sophocles) a foilsíodh in 2005. Foilsíodh cnuasach dánta leis, Theatre, in 2013. Tháinig líon teoranta d’Eagráin Shínithe leis amach ó Gallery Press freisin — Somewhere the Wave ina raibh léaráidí agus uiscedhathanna le Bernadette Kiely (2008) agus Rising Late ina raibh péintéireachtaí agus léaráidí le Donald Teskey (2017).