Aosdána agus The Great Book of Ireland – Leabhar Mór na hÉireann

I mí Aibreáin 2019, reáchtáladh an 40ú Tionól Ginearálta Bliantúil de chuid Aosdána i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Reáchtáladh an Tionól ar an 5 Aibreán agus roimhe sin, ar an 4 Aibreán, reáchtáladh searmanas speisialta in UCC ag a raibh an deis ag comhaltaí breathnú ar The Great Book of Ireland – Leabhar Mór na hÉireann.

Is lámhscríbhinn veillim ina bhfuil bunsaothair le 120 ealaíontóir, 140 file agus naonúr cumadóirí í Leabhar Mór na hÉireann. Cuireadh an leabhar i dtoll a chéile idir 1989 agus 1991, agus fuair UCC é chun é a chaomhnú ar son mhuintir na hÉireann.

Anuas ar na focail a gcreidtear gurb iad na focail dheireanacha scríofa le Samuel Beckett, an drámadóir iomráiteach agus iarchomhalta Aosdána, tá saothair le roinnt comhaltaí reatha Aosdána in Leabhar Mór na hÉireann freisin agus bhí siad in ann breathnú ar a gcuid saothair sa leabhar le linn a gcuairte ar an ollscoil.

Roinnt grianghraf de chomhaltaí Aosdána ag breathnú ar leathanaigh in Leabhar Mór na hÉireann le linn an imeachta.