40ú Tionól Ginearálta Aosdána

 Photo Credit Tomas Tyner, UCC.

Beidh Tionól Ginearálta 2019 ar siúl ar an 5 Aibreán san Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Tugtar cuireadh do chomhaltaí freisin chuig fáiltiú oscailte ar an 4 Aibreán sa Seomra Caidrimh Foirne.

Cuirfear tús leis an gclárú ag a 10.00 am agus cuirfear tús leis an gcruinniú ag 10.30 am le haitheasc oscailte ó Uachtarán Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Patrick O’Shea. Cuirfear deireadh leis an Tionól Ginearálta ag a 17.00 pm agus tugtar cuireadh do gach comhalta chuig ócáid chlabhsúir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Beidh fáiltiú oscailte ar siúl tráthnóna Déardaoin, 4 Aibreán agus mar chuid de, beidh cur i láthair ó chomhaltaí Aosdána; Éilís Ní Dhuibhne; Gerry Murphy agus Eiléan Ní Chuilleanáin.

Tagann comhaltaí Aosdána le chéile ag Tionól Ginearálta uair sa bhliain, chun comhaltaí nua a thoghadh, chun cúrsaí beartais agus nósanna imeachta a shocrú, chun anailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla Aosdána, agus chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann leis na healaíona agus le healaíontóirí sa tsochaí. Cumhdaítear imeachtaí an Tionóil Ghinearálta sna Buan-Orduithe.