Saoi

Uaireanta déantar Saoi de chomhaltaí Aosdána. Is de bharr saothar leanúnach uathúil den scoth a chruthú sna healaíona a bhronntar é. Is iad comhaltaí Aosdána a thoghann Saoi. Uachtarán na hÉireann a bhronnann an Torc Óir mar chomhartha oifige ar an Saoi. Ní féidir níos mó ná seachtar comhaltaí d’Aosdána a thoghadh mar Shaoi ag am ar bith.

Ní mór do 15 chomhalta iarrthóir fiúntach céimiúil oirirc a ainmniú le toghadh mar Shaoi. Féachann an Toscaireacht chuige go ndéantar an t-ainmniúchán de réir na rialach sin. Is le ballóid rúnda na gcomhaltaí go léir a dhéantar Saoi a thoghadh.  Cuirtear an toghchán ar siúl a luaithe agus is indéanta tar éis do dhuine a bheith ainmnithe go sásúil. Ní mór d’iarrthóir 50% + 1 vóta den bhallraíocht iomlán a bhaint amach ionas go dtoghfar é/í.

Nuair a tharlaíonn folúntas ní féidir ach duine amháin a ainmniú le toghadh mar Shaoi. Má tharlaíonn sé go moltar beirt ealaíontóirí nó níos mó ag an am céanna is é an t-ainmniúchán is luaithe a fhaightear a chuirtear ar aghaidh chuig an mballraíocht i gcomhair toghcháin. Coinnítear an dara hiarratas, agus aon cheann eile ina dhiaidh sin, ar fionraí go dtí go bhfógraítear torthaí an toghcháin agus go mbíonn folúntas eile ann.

Gníomhóidh an Cláraitheoir mar áiritheoir na ballóide. Ní fhógrófar ach toradh dearfach nó diúltach. Ní mór go mbeadh na páipéir bhallóide a caitheadh ar fáil chun go bhféadfaidh Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon agus an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iad a iniúchadh. Ní féidir na páipéir bhallóide a scriosadh gan cead na scrúdaitheoirí seo. Coinnítear na páipéir bhallóide ar feadh bliana ó dháta scoir an toghcháin.

Toghadh an cumadóir Roger Doyle ina Shaoi i mí Feabhra 2019. Reáchtálfar searmanas níos deireanaí i mbliana chun siombail an tSaoi, an Torc Óir, a bhronnadh air.

Is iad na Saoithe reatha Seóirse BodleyGeorge MorrisonEdna O’BrienCamille Souter agus Imogen Stuart.