Riarachán

Bíonn an Chomhairle Ealaíon i mbun shocruithe riaracháin agus airgeadais uile Aosdána. Tá Aosdána á maoiniú ag an Stát tríd an gComhairle Ealaíon. Is í an Chomhairle Ealaíon a thugann cuntas ar a ndéanann sé ina tuarascáil bhliantúil chuig an Oireachtas. Is ball foirne de chuid na Comhairle Ealaíon atá mar Chláraitheoir Aosdána. Bíonn an Cláraitheoir mar áiritheoir ag na toghcháin agus murar féidir leis an gCláraitheoir é sin a dhéanamh ceapann an Chomhairle Ealaíon ionadaí don toghchán. Ní féidir na rialacháin a bhaineann le hAosdána a athrú ach amháin le cinneadh d’aon ghuth na Comhairle Ealaíon.

Is féidir dul i dteagmháil le Aosdána ag: An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Ríomhphost: aosdana@artscouncil.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Cláraitheoir Aosdána
T: 01 6180282
Ríomhphost: aosdana@artscouncil.ie