Nósanna Imeachta na dToghchán

Is í an Chomhairle Ealaíon a shocraíonn an líon iomlán daoine ar féidir leo a bheith ina gcomhaltaí d’Aosdána. 250 an t-uasmhéid faoi láthair.

Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir le duine iarrata a dhéanamh ar bhallraíocht. Ní ghlacann Aosdána le hiarratais gan achainí ar bhallraíocht. Tá trí chéim i bpróiseas an ainmniúcháin agus an toghcháin. Ní mór go mbeadh cnuasach suntasach saothair cruthaithe ag ealaíontóir le toghadh mar chomhalta d’Aosdána agus lena chois sin ní mór go mbeadh an t-ealaíontóir ag cur faoi/fúithi in Éirinn ar feadh cúig bliana ar a laghad. Tá eisceachtaí áirithe i gceist áit a bhféadfadh ealaíontóirí atá ina gcónaí lasmuigh d’oileán na hÉireann a bheith incháilithe má mheastar go dtéann an corpas saothair chun tairbhe go suntasach do na healaíona in Éirinn.

Tá trí chéim i bpróiseas toghcháin Aosdána. Mura sroichtear an tairseach 250 comhalta, tá sé socraithe ag an gComhairle Ealaíon nach dtoghfar níos mó ná deichniúr comhaltaí nua gach bliain. Leathnaíodh an bhallraíocht chuig ailtireacht agus cóiréagrafaíocht ó 2006 i leith.

Tá sé de dhualgas ar na comhaltaí cur amach a fháil ar an obair atá ar siúl ag na hiarrthóirí atá le toghadh agus bítear ag súil leis go nglacfaidh na comhaltaí páirt ghníomhach i ngach céim den chóras toghchánaíochta.

Céim 1 Ainmniúcháin

Féadfaidh aon chomhalta ealaíontóir a ainmniú do thoghchán ballraíochta Aosdána. Ní mór do chomhalta eile cuidiú leis an moladh seo. Níl aon teorainn le líon na n-ealaíontóirí is féidir le comhalta a ainmniú nó cuidiú lena n-ainmniúcháin. Ba chóir don bheirt ealaíontóirí a dhéanann an moladh scríobh chuig an gCláraitheoir ag léiriú go bhfuil siad cinnte dearfach de gur duine oiriúnach an té atá ainmnithe acu le toghadh mar chomhalta, agus léirmheas criticiúil pearsanta a thabhairt ar shaothar an ealaíontóra sin mar thacaíocht leis an ainmniúchán sin. Ní leor liostaí saothair agus curriculum vitae a thabhairt agus ní leor léirmheasanna le tríú páirtithe ach oiread.  Níl cead ag na hiarrthóirí stocaireacht d’aon sórt a dhéanamh.

Déanann an Toscaireacht na hainmniúcháin a fhaightear a nótáil agus déanann siad cinnte gur sásaíodh téarmaí an phróisis ainmniúcháin sula dtéann siad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Tá sé de dhualgas ar an ainmneoir seoladh poist agus uimhir theileafóin a sholáthar don Chláraitheoir ag a bhféadfar dul i dteagmháil leis an té a ainmníodh má ghlactar leis an ainmniúchán. Tá sé seo tábhachtach chun go mbeidh an té a ainmníodh in ann glacadh leis an ainmniúchán. Mura nglactar leis an ainmniúchán, teipfear air.

Mar aon le hadmháil i scríbhinn ón iarrthóir go bhfuil sé/sí ag glacadh leis an ainmniúchán, lorgóidh an Cláraitheoir faisnéis faoi na háiteanna inar féidir saothar an iarrthóra a fheiceáil – i mbailiúcháin phoiblí nó i leabharlanna, mar shampla, agus más oiriúnach é iarrfar cáipéisí nó ábhair ábhartha ón iarrthóir a d’fhéadfaí a scrúdú ag oifigí na Comhairle Ealaíon.

Céim 2 Vóta Ballóide Disciplín

Nuair a bhíonn an chéim ainmniúcháin thart, seoltar liostaí na n-iarrthóirí mar aon le faisnéis ábhartha faoina saothar chuig comhaltaí sna disciplíní ealaíne faoi leith chun go bhféadfaidh siad vóta a chaitheamh orthu. Is iad ainmneacha na n-iarrthóirí a nglacann formhór na gcomhaltaí a vótálann i mballóidí na ndisciplíní éagsúla leo a chuirtear ar aghaidh chuig an Tionól Ginearálta. Caithfear na páipéir bhallóide le haghaidh gach disciplín a sheoladh ar ais roimh dháta sonraithe agus iad comhlánaithe i gceart. Comhairfidh an Cláraitheoir na páipéir bhallóide sa dara céim; ainmneoidh an Toscaireacht comhalta d’Aosdána mar iniúchóir don phróiseas sin. 50% de na ballóidí móide 1 an cuóta a bhíonn ag teastáil sa disciplín le dul ar aghaidh go dtí an Tionól Ginearálta. Comhairfidh bileoga ballóide folmha i dtreo an chuóta. Téann an Cláraitheoir i dteagmháil leis na hainmneoirí agus leis na hiarrthóirí nuair a chríochnaítear an chéim seo agus chun an toradh a insint dóibh.

Céim 3 Vóta an Tionóil Ghinearálta

Tugtar faisnéis ábhartha do gach comhalta roimh an Tionól Ginearálta faoi gach iarrthóir i ngach disciplín sa toghchán.

Bíonn deis ag gach ainmneoir ag an Tionól Ginearálta an t-iarrthóir/na hiarrthóirí a mhol siad féin a chur chun cinn. Ní féidir ach aitheasc amháin den sórt sin a thabhairt faoi gach iarrthóir. Mura mbíonn an moltóir i láthair féadfaidh an cuiditheoir labhairt ar son an té a ainmníodh. Má tharlaíonn sé go bhfuil an moltóir agus an cuiditheoir as láthair cuirfear an t-ainmniúchán sin siar go dtí an chéad Tionól Ginearálta eile, ós rud é go bhfuil tacaíocht an disciplín faighte aige, agus féadfaidh na hainmneoirí céanna nó ainmneoirí eile é a mholadh arís le cead an iarrthóra.

Cuirfear páipéar timpeall ag an Tionól Ginearálta ar a bhfuil liosta ainmneacha na n-iarrthóirí don toghchán. Measfar go mbeidh an t-iarrthóir leis an líon is mó vótaí tofa chuig an gcéad áit a bheidh ar fáil, measfar go mbeidh an t-iarrthóir leis an líon is mó vótaí ina dhiaidh sin tofa chuig an dara háit a bheidh ar fáil agus mar sin de le haghaidh na n-áiteanna eile a bheidh fágtha. I gcás ina mbeidh beirt iarrthóirí nó níos mó ar comhscór don áit deiridh a bheidh ar fáil, socrófar ballóid poist chomh luath agus is féidir chun an cás a chinneadh. Sa chás sin, má aontaíonn siad leis, cuirfear an t-iarrthóir, nó na hiarrthóirí, nár toghadh ar aghaidh go huathoibríoch i gcomhair toghcháin ag an Tionól Ginearálta ina dhiaidh sin.

Má tharlaíonn sé nach féidir le comhaltaí a bheith i láthair ag an Tionól Ginearálta de bharr breoiteachta nó toisc gur gá dóibh a bheith lasmuigh d’Éirinn ag an am féadfaidh siad vótaí poist a iarraidh ar an Toscaireacht. Is vóta faoi rún a bheidh ansin freisin.

Fógraítear ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo roimh dheireadh an Tionóil Ghinearálta agus cuireann an Cláraitheoir na hiarrthóirí féin ar an eolas a luaithe agus is féidir. Chomh maith leis sin, rachaidh an Cláraitheoir i dteagmháil leis na hiarrthóirí nár éirigh leo ag iarraidh cead orthu a n-ainmneacha a chur ar aghaidh go dtí an chéad Tionól Ginearálta eile.

Ós rud é gur minic gur mó líon na n-iarrthóirí ar bhallraíocht ná líon na bhfolúntas, agus chun nach mbeadh sé riachtanach iarrthóirí ar éirigh leo i gcéim a haon, ainmniúchán, agus céim a dó, ballóid disciplín, a athainmniú arís, déantar na hiarrthóirí sin a athainmniú go huathoibríoch le haghaidh chéim a trí san dá Thionól Ghinearálta ina dhiaidh sin. Chuige sin ní mór do na hiarrthóirí agus a gcuid ainmneoirí aontú go ndéanfar é sin, nó murar n-aontódh duine nó beirt dá n-ainmneoirí bunaidh leis, go ndéanfadh comhalta nó beirt chomhaltaí eile iad a mholadh agus cuidiú lena n-ainmniúchán.

Bíonn ealaíontóir mar chomhalta d’Aosdána ón am a thoghtar é/í go dtí go dtugann an comhalta ráiteas i scríbhinn don Toscaireacht ag rá go bhfuil sé/sí ag éirí as.