Cnuas

Tá comhaltaí Aosdána incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar Chnuas ón gComhairle Ealaíon chun cabhrú leo a gcuid ama agus a gcuid díograise ar fad a chaitheamh le saothrú a gcuid ealaíne. Is sparánacht ilbhliantúil é an Cnuas, a bhronntar ar feadh téarma cúig bliana, a thairgtear do chomhaltaí Aosdána a chomhlíonann critéir áirithe.

Tá luach an Chnuais socraithe ag €17,180 in aghaidh na bliana faoi láthair. Féadfaidh comhalta iarratas a dhéanamh ar Chnuas ag am ar bith ach foirm iarratais agus na treoirlínte a iarraidh ón gCláraitheoir. Más mian le comhalta éirí as obair chun luí isteach ar obair chruthaitheach go lánaimseartha, féadfaidh an té sin iarratas a dhéanamh ar Chnuas trí dhearbhú a thabhairt go bhfuil athrú ar a leibhéal ioncaim agus go gcuirfeadh an Cnuas ar chumas an chomhalta tabhairt faoin gcleachtas ealaíne go lánaimseartha.

Féadfar an Cnuas a athnuachan ar feadh téarmaí cúig bliana ina dhiaidh sin. Ní mór do chomhaltaí iarratas a dhéanamh in athuair ar an bhfoirm iarratais don Chnuas. Faigheann daoine íocaíochtaí Chnuais go ráithiúil, a dhéantar go huathoibríoch ar feadh trí ráithe den bhliain; ráithe a haon, ráithe a trí agus ráithe a ceathair. Ní dhéantar íocaíocht sa dara ráithe, Aibreán–Meitheamh, go dtí go gcuireann an comhalta tuarascáil isteach ar ghníomhaíocht ealaíne ina dtugtar cuntas ar an ngníomhaíocht chruthaitheach ina raibh an comhalta páirteach agus nuair a dheimhnítear gur comhlíonadh critéir incháilitheachta an Chnuais.

Tá ainmneacha na ndaoine a fhaigheann Cnuas faoi láthair foilsithe thíos agus foilsítear iad freisin i dTuarascáil Bhliantúil na Comhairle Ealaíon agus i bhfoilseacháin eile.

Litríocht