An Tionól Ginearálta

Tagann comhaltaí Aosdána le chéile ag Tionól Ginearálta uair sa bhliain, chun comhaltaí nua a thoghadh, chun cúrsaí beartais agus nósanna imeachta a shocrú, chun anailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla Aosdána, agus chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann leis na healaíona agus le healaíontóirí sa tsochaí. Cumhdaítear imeachtaí an Tionóil Ghinearálta sna Buan-Orduithe.

Tionól Ginearálta 2019

Bhí Tionól Ginearálta 2019 ar siúl ar an 5 Aibreán san Aula Maxima i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus toghadh seisear comhaltaí nua den Aosdána. Is iad seo a leanas na daoine a toghadh: Aideen Barry (amharc-ealaíontóir); Anna Burns (scríbhneoir); Niall McLaughlin (ailtire); Clare Langan (amharc-ealaíontóir); Doireann Ní Gríofa (scríbhneoir); Margaret Irwin West (amharc-ealaíontóir). D’fhreastail na comhaltaí ar ócáid oscailte sa Seomra Foirne ar an 4 Aibreán mar ar léigh Gerry Murphy; Éilís Ní Dhuibhne; agus Eiléan Ní Chuilleanáin sleachta agus mar a ndearna John Fitzgerald, Stiúrthóir Seirbhísí Eolais agus Leabharlannaí Ollscoile, agus Crónán Ó Doibhlín, Ceann na mBailiúchán Taighde agus na Cumarsáide, cur i láthair ar The Great Book of Ireland. Bhí saothar mic léinn Scannánaíochta, Cheoil agus Amharclannaíochta mar aon le saothar mic léinn a bhíonn ag plé leis an Scríbhneoireacht Chruthaitheach i Roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, mar chuid de sheisiún poiblí an Tionóil.

Ag an gcruinniú, chuir na comhaltaí in iúl gur cúis mhór bhróin dóibh go bhfuair iarchomhaltaí Aosdána bás; an scríbhneoir Padraic Fiacc; an scríbhneoir Matthew Sweeney; an cumadóir Tommy Peoples; an t-amharc-ealaíontóir Melanie leBroquy; an scríbhneoir Macdara Woods agus an t-amharc-ealaíontóir Seán McSweeney. Fuair gach duine acu bás ó bhí an 39ú Comhthionól Ginearálta ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne orthu.

Tionól Ginearálta 2018

Bhí Tionól Ginearálta 2018 ar siúl ar an 28 Bealtaine 2018 in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, agus toghadh ochtar comhaltaí nua chuig Aosdána lena linn. Toghadh iad seo a leanas: Shane Cullen (amharc-ealaíon); Rita Duffy (amharc-ealaíon); Mia Gallagher (litríocht); Stephen Lawlor (amharc-ealaíon); Owen McCafferty (litríocht); Mike McCormack (litríocht); Isabel Nolan (amharc-ealaíon) agus Sean O’Reilly (litríocht).

Ag an gcruinniú, chuir na comhaltaí a gcomhbhrón in iúl faoi bhás na n-iarchomhaltaí Philip Casey, Stephen McKenna, Val Mulkearns, Richard Murphy, Tom Murphy (Saoi), Liam Ó Muirthile, Patrick Pye agus Barbara Warren, a fuair bás ó bhí tionól 2017 ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne orthu.

Tionól Ginearálta 2017

Bhí Tionól Ginearálta 2017 ar siúl ar an 25 Aibreán 2017 in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, agus toghadh seachtar comhaltaí nua chuig Aosdána lena linn. Toghadh iad seo a leanas: Eddie Kennedy (amharc-ealaíon); Trish McAdam (amharc-ealaíon); Rosaleen McDonagh (litríocht); Gerry Murphy (litríocht); Niamh O’Malley (amharc-ealaíon); Fiona Quilligan (cóiréagrafaíocht) agus Anne Tallentire (amharc-ealaíon).

Chuir na comhaltaí a gcomhbhrón in iúl ag an gcruinniú de bharr bhás na n-iarchomhaltaí Leland Bardwell, Basil Blackshaw, Anthony Cronin (Saoi), Brian King, John Montague, Louis Stewart agus William Trevor (Saoi), a fuair bás ó bhí tionól 2016 ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne orthu.

Tionól Ginearálta 2016 

Bhí Tionól Ginearálta 2016 ar siúl ar an 27 Aibreán 2016 in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, agus toghadh ceathrar comhaltaí nua chuig Aosdána lena linn. Toghadh iad seo a leanas: Deirdre Kinahan (litríocht); Little John Nee (litríocht); Colman Pearce (ceol) agus Bill Whelan (ceol). 

Chuir na comhaltaí a gcomhbhrón in iúl ag an gcruinniú de bharr bhás na n-iarchomhaltaí Brian Friel, Aidan Higgins agus Theo McNab, a fuair bás ó bhí tionól 2015 ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne orthu.

Tionól Ginearálta 2015 

Bhí Tionól Ginearálta 2015 ar siúl ar an 5 Márta 2015 in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, agus toghadh 11 chomhalta nua chuig Aosdána lena linn. Toghadh iad seo a leanas: Elaine Agnew (ceol); John Byrne (amharc-ealaíon); Tom de Paor (ailtireacht); Ciarán Farrell (ceol); Marie Hanlon (amharc-ealaíon); James Harpur (litríocht); Mary Morrissy (litríocht); Michael O’Loughlin (litríocht); Geraldine O’Neill (amharc-ealaíon); Joe Walker (amharc-ealaíon) agus Enda Wyley (litríocht).

Ba é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an t-aoi oinigh. Tá an méid a bhí le rá ag an Uachtarán ar fáil anseo

Óráid an Uachtaráin

Tionól Ginearálta 2014 Bhí Tionól Ginearálta 2014 ar siúl ar an 29 Aibreán in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, agus toghadh comhalta amháin nua, Joe Steve Ó Neachtain (litríocht).

Tionól Ginearálta 2013 

Bhí seisiún speisialta iarnóin mar chuid de Thionól Ginearálta 2013 i gcomhthéacs Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Cuireadh fáilte rompu siúd a bhí i láthair le réamhrá gairid faoi Aosdána le Theo Dorgan, agus ina dhiaidh thug na Saoithe Anthony Cronin agus Seamus Heaney aithisc, agus rinneadh cur i láthair ar shaothar Patrick Scott agus Camille Souter.