Toscaireacht

Déantar Aosdána a rialú tríd an Toscaireacht, coiste deichniúr comhaltaí nó Toscairí a thoghann na comhaltaí ar feadh tréimhse dhá bhliain. Tagann an Toscaireacht le chéile go rialta i rith na bliana chun maoirseacht a dhéanamh ar riaradh Aosdána, le dul i mbun caidrimh le heagraíochtaí seachtracha ar a shon, agus chun clár a leagan amach don Tionól Ginearálta bliantúil, agus iarratais na gcomhaltaí maidir le míreanna a bheith ar an gclár á gcur san áireamh. Toghadh Toscaireacht nua i mí Feabhra 2018.

Tá gach comhalta d’Aosdána incháilithe le bheith mar chomhalta den Toscaireacht. Ní mór do thriúr comhaltaí duine a ainmniú i scríbhinn don Toscaireacht, agus ansin déantar na moltaí a chomhaireamh faoi dhó. Roghnaítear na daoine is mó moltaí ó gach ceann de na disciplíní faoi leith ar an gcéad chomhaireamh, agus roghnaítear iad ó gach disciplín do na ceithre háit dheireanacha ar an dara comhaireamh. Mura dtoghtar daoine ainmnithe ar an gcéad chomhaireamh bíonn siad incháilithe go huathoibríoch don dara comhaireamh.

Foilsítear imeachtaí chruinnithe na Toscaireachta agus miontuairiscí na gcruinnithe go rialta ar an suíomh gréasáin. Tugann an Toscaireacht tuairisc do bhallraíocht an Tionóil Ghinearálta.

Ó am go ham, ainmneoidh an Toscaireacht Toscaire amháin nó níos mó chun ról ar leith a ghlacadh, mar shampla chun gníomhú mar phointe teagmhála do chomhaltaí Aosdána idir cruinnithe na Toscaireachta.

Is iad seo na Toscairí reatha:

Michael Holohan (ceol); Thomas McCarthy (litríocht); Rhona Clarke (ceol); Cathy Carman (amharc-ealaíon); Eamon Colman (amharc-ealaíon); Anne Haverty (litríocht); Geraldine O’Reilly (amharc-ealaíon); Bob Quinn (amharc-ealaíon); Samuel Walsh (amharc-ealaíon); Vincent Woods (litríocht).