Tagann comhaltaí uile Aosdána le chéile ag Tionól Ginearálta uair sa bhliain chun baill nua a thoghadh agus cúrsaí beartais, airgeadais agus nósanna imeachta a shocrú agus chun anailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla Aosdána, agus plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann leis na healaíona agus le healaíontóirí sa tsochaí.
Tá rialacha maidir leis an Tionól Ginearálta le fáil sna Buan-Orduithe atá ar fáil ó rúnaíocht Aosdána.
Go Barr an Leathanaigh