Is tríd an gComhairle Ealaíon a chuireann an Stát maoiniú ar fáil d'Aosdána agus is í an Chomhairle a láimhseálann a chuid socruithe riaracháin agus airgeadais go léir agus a thugann cuntas ar a ndéanann sé ina tuarascáil bhliantúil chuig an Oireachtas. Feidhmíonn ball d'fhoireann na Comhairle Ealaíon mar Chláraitheoir Aosdána. Féadann an Cláraitheoir na comhaltaí a chúiteamh, más cuí, as na costais taistil a bhíonn acu de bharr dul chuig cruinnithe Aosdána. Lena chois sin bíonn an Cláraitheoir ina (h)áiritheoir ag na toghcháin agus murar féidir leis an gCláraitheoir é sin a dhéanamh ceapann an Comhairle Ealaíon ionadaí ina (h)áit. Ní féidir na rialacháin a bhaineann le hAosdána a athrú ach amháin le cinneadh d’aon ghuth na Comhairle Ealaíon.
I gcás na gcomhaltaí sin nach dtugtar a seoltaí is féidir dul i dteagmháil leo ag Aosdána 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Ríomhphost: aosdana@artscouncil.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil leis:
An Chláraitheoir: Liz Powell
Teil: 01 6180200
Ríomhphost: aosdana@artscouncil.ie
Go Barr an Leathanaigh